16/09/2026
Leagan Béarla thíos/ English Version below
Rinne Bord Fhoras na Gaeilge roinnt cinntí tábhachtacha ag a gcruinniú Boird ar an 11 Meán Fómhair 2026 i gCeannáras na heagraíochta i mBaile Átha Cliath maidir le forbairt na Gaeilge agus le tacaíocht d'eagraíochtaí pobail.
D’iarr an Bord ar an bhfoireann ardbhainistíochta pleananna cinnte a fhorbairt, agus plé a dhéanamh ar bhonn oifigiúil le páirtithe leasmhara le haghaidh ionad léirmhínithe don Ghaeilge i gCathair Bhéal Feirste. Beidh sé mar aidhm ag an obair sin féidearthachtaí a fhiosrú maidir le háis a chruthú a chuirfeadh stair, cultúr agus forbairt chomhaimseartha na Gaeilge i láthair an phobail i gcoitinne agus i láthair cuairteoirí.
Agus an Bord ag plé pleananna do 2027, chinn siad síneadh bliana a cheadú do dhá mhórscéim de phríomhscéimeanna pobail Fhoras na Gaeilge, mar atá:
An Scéim Ionaid Ghaeilge, a chuireann tacaíocht ar fáil do 16 ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin; agus
Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, a chuireann maoiniú ar fáil do 36 grúpa pobail le 28 oifigeach Gaeilge a fhostú agus le gníomhaíochtaí forbartha teanga a chur chun cinn.
The Board of Foras na Gaeilge made several important decisions at its Board meeting on 11 September 2026 at its Dublin Headquarters regarding the development of the Irish language and support for community organisations.
The Board has asked the senior management team to develop definite plans for an interpretation centre for the Irish language in Belfast City and to formally enter discussions with stakeholders. This work will aim to explore possibilities for the creation of a facility that would showcase the history, culture and contemporary development of the Irish language to the public and visitors.
As the Board discussed plans for 2027, they decided to approve a one-year extension for two of Foras na Gaeilge's main community schemes, namely:
An Scéim Ionaid Ghaeilge (The Irish Language Centre Scheme), which provides support to 16 Irish language centres across the island; and
Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, (Irish Language Network Development Scheme), which provides funding to 36 community groups to employ 28 Irish language officers and to promote language development activities.
Tuilleadh eolais:
PREASEISIÚINT 15 Meán Fómhair 2026 Rinne Bord Fhoras na Gaeilge roinnt cinntí tábhachtacha ag a gcruinniú Boird ar an 11 Meán Fómhair 2026 i gCeannáras na