15/09/2026
𝐀𝐭𝐞𝐚𝐧𝐠𝐚𝐢𝐫𝐞𝐚𝐜𝐡𝐭 𝐛𝐡𝐞𝐨 𝐠𝐨 𝐆𝐚𝐞𝐢𝐥𝐠𝐞! 🗣🎙
Ar 09:00 (am Strasbourg) maidin an 16 Meán Fómhair, tabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, a hóráid bhliantúil ar Staid an Aontais Eorpaigh i bParlaimint na hEorpa. Is féidir amharc ar an mbeoshruth ach dul chuig an nasc seo: https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/state-union_ga
Ach tá dea-scéala eile againn i mbliana: DEN CHÉAD UAIR RIAMH, cuirfear ateangaireacht bheo go Gaeilge ar fáil don phobal den óráid seo! Mar sin beidh tú in ann éisteacht le leagan Gaeilge den óráid agus í á rá ag an Uachtarán. Chun sin a dhéanamh, roghnaigh 'Gaeilge [ga]' ó liosta na dteangacha i roghchlár an fhíseáin bheo. 🔈
Céim stairiúil eile chun cinn don Ghaeilge! 🇮🇪 🇪🇺